A chairde,
[English version below]
De bhrí gur cúrsaí idirghníomhacha, ilmheán iad cúrsaí EPV Ghaelchultúir, ní féidir an t-ábhar ar fad a íoslódáil ón suíomh. Is féidir acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a íoslódáil i gcás cuid de na cúrsaí, agus is féidir acmhainní eile a cheannach ó siopa.ie.
Tá acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta curtha ar fáil i bhfoirm PDF sna cúrsaí seo a leanas:
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2 – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4 – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6 – 2013
• Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga – 2013
Tá tuilleadh acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta ar fáil sa leabhar dar teideal Gníomhaíochtaí Gasta – leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta. Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Tá aonad samplach ón leabhar ar fáil anseo agus is féidir Gníomhaíochtaí Gasta a cheannach ach cliceáil anseo.
Ní féidir ábhar na gcúrsaí cruinnis a íoslódáil, ach tá ábhar na gcúrsaí bunaithe ar an leabhar gramadaí Gramadach Gan Stró! le hÉamonn Ó Dónaill. Tá an leabhar sin níos cuimsithí ná na cúrsaí ar líne, agus acmhainn tagartha den scoth atá ann don seomra ranga. Tá sé ar fáil ar siopa.ie.
Ar an drochuair, ní féidir ábhar an chúrsa dar teideal Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga – 2013 a íoslódáil de bhrí gur cúrsa idirghníomhach, ilmheán é ina léirítear cuid mhór áiseanna teicneolaíochta.
Ar ndóigh, d’fhéadfadh sibh gabhálacha scáileáin a thógáil de leathanach ar bith ach cliceáil ar an gcnaipe Print Screen ar an méarchlár, nó d’fhéadfadh sibh leathanaigh a bhfuil sibh ag iarraidh a choinneáil a chóipeáil agus a ghreamú isteach i gcáipéis Word. Rud beag malltriallach, b’fhéidir ach d’oibreodh sé.
[Irish version above]
As Gaelchultúr’s EPV courses feautre interactive, multimedia material, not all of the material can be downloaded from the site. Teaching materials and lesson plans can be downloaded from certain courses, and additional material can be purchased from siopa.ie.
Teaching materials and lesson plans ar available in PDF format in the following courses:
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2 – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4 – 2013
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6 – 2013
• Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga – 2013
Additional teaching materials and lesson plans are available in Gníomhaíochtaí Gasta – a book of Irish language communication activities aimed at primary school teachers. These activities can be photocopied and are suitable for pupils from 3rd to 6th class in both T1 and T2 schools.
There are twenty real communication activities in the book which focus on the ten themes of the Irish language curriculum: Myself, At Home, Food, Shopping, Television, Weather, Pastimes, Clothing, School and Special Occasions. Comprehensive instructions are given regarding the real communication activities, as well as suggestions for pre-communication and post-communication activities. A sample unit from the book is available here and Gníomhaíochtaí Gasta can be bought by clicking here.
The content of the grammar/accuracy courses cannot be downloaded, but the courses are based on the grammar book Gramadach Gan Stró! by Éamonn Ó Dónaill. That book is more comprehensive than the online courses, and it would be an excellent reference book for the classroom. Gramadach Gan Stró! is available on siopa.ie.
Unfortunately, the content of the Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga – 2013 course cannot be downloaded as it is an interactive, multimedia course which demonstrates many IT resources.
Of course, you could take screen shots of any page by clicking on the Print Screen key on the keyboard, or you could copy and paste any page you wish to keep into a Word document. A little time-consuming, perhaps, but it would work.
Is mise le meas,
Diarmuid Ó Mathúna
Riarthóir
Gaelchultúr
|